Poetry Reading with Louis De Paor

back to events

Spoken Word

When

30/07/2018 20:30 - 00:00

Tickets

€0.00

Ghnóthaigh Louis bunchéim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus dochtúireacht ar ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain ina dhiaidh sin. Bhuaigh a chnuasach filíochta Próca Solais is Luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh san Oireachtas, agus tá an duais sin buaite aige trí huaire ó shin le cnuasaigh éagsúla, ina measc 30 Dán (Coiscéim, 1992). D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht téip agus leabhrán de rogha dá chuid filíochta, Ríleanna Báistí (1992). Is iad Ag Greadadh Bas sa Reilig (Cló Iar- Chonnacht, 2005), Cúpla Siamach an Ama (Coiscéim, 2006), Agus Rud Eile De (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Grá Fiar (Coiscéim, 2016) na cnuasaigh is déanaí leis. Scríobh Louis staidéar ar ghnéithe síceolaíochta de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mBlaoisc Bheag Sin (Coiscéim, 1991). I bpáirt le Seán Ó Tuama rinneadh rogha d’fhilíocht Ghaeilge an fichiú haois a fhoilsiú in Coiscéim na hAoise seo (Coiscéim, 1991). Chuir sé eagar ar rogha dánta Michael Davitt: Freacnairc Mhearcair: Rogha Dánta/The Oomph of Quicksilver: Selected Poems (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000). Chnuasaigh sé dánta comhaimseartha le filí éagsúla i Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession (Bloodaxe Books/Cló Iar-Chonnacht, 2016), ina dtugtar aistriúcháin Bhéarla agus réamhrá léirmhínithe.

 

Louis de Paor — poet, teacher and editor — was born in Cork. He currently lives in Galway and is Director of the Centre for Irish Studies at the National University of Ireland, Galway.

He lived in Australia from 1987 until 1996 where he lectured at the University of Sydney and presented an Irish radio programme in Melbourne. He received scholarships from the Austalian Council in 1990, 1991, 1995. In 2000, he was awarded the prestigious Lawrence O’Shaughnessy Award, the first poet writing in Irish to do so. His style, characterised originally by lightness, clarity and directness, has become darker and more complex, though he remains to some extent a ‘public’ poet. Much of his work has been published bilingually.